Tabharfaidh an réimse leathan seo againn de sheirbhísí, de
thomhaltáin agus de threalamh freagraí i réimsí atá
chomh fada óna chéile agus atá siad comhlántach i
ndéantúsaíocht táirgí a bhaineann le cúram
sláinte: trialacha cliniciúla trealaimh leighis, bith-oiriúnacht
trealaimh leighis (ISO 10993), staidéir feidhmeanna, scrúdú
ligean isteach is amach, córais uathoibrithe ar ordú, innill phacáistithe
agus séalóirí tráidirí spuaiceanna, trialacha
aoisithe, tástáil chomhtháthú pacaí, bailíochtú
inneall agus próiseas, táscairí bitheolaíocha agus
fiú bainistiú ghearán táirgí.
Is é ár rún cuidiú leat chun táirgí
iontaofa agus trealamh a oireann d'earnáil chúram na sláinte
a roghnú, rud a thabharfaidh torthaí duit agus do do chomhlacht.
Feicfidh sibh go bhfuil an fhoireann seo againn sochaideartha agus mothálach
le ciall láidir freagrachta as do thogra.
Tá an dearcadh lena gcloíonn muid simplí agus éifeachtach;
bíonn muid ag obair go dlúth le comhlachtaí saineolacha den
scoth, a roghnaíodh go cúramach ar mhaithe lena gcur amach, a gcuid
éifeachtúlachta agus saineolais mar gheall ar tháirgí
agus ar phróisis chógaisíochta (féach ár gcuid
comhpháirtithe thíos). Cruthaíonn seo neart eolais agus scileanna
atá le fáil duit láithreach bonn.
Tá 20 bliain de thaithí ag foireann MhET faoi tháirgí
cúraim shláinte agus tá siad thar a bheith cáilithe
chun cuidiú leat maidir le cúrsaí eolaíochta nó
innealtóireachta. Trí breithmheas domhain a dhéanamh ar do
chuspóirí agus riachtanais, cuireann muid réitigh atá
éifeachtach ó thaobh costais de agus oiriúnach ar fáil.
Réitigh Innealtóireachta agus Eolaíochta
a Oibríonn Duit Féin!